English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Home | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Féilte > Scoil Acla

Scoil Acla


Ceoltóirí ag Scoil Acla, Oileán AclaScoil samhraidh is ea Scoil Acla a chuireann teagasc ar fáil sa cheol, sna healaíona agus sa chultúr traidisiúnta Gaelach. Sa bhliain 1910 a bunaíodh an chéad Scoil Acla, agus tá an t-imeacht á reáchtáil gach bliain ó cuireadh tús leis in athuair i 1987.

Cuireann Scoil Acla teagasc den scoth ar fáil i réimse disciplíní do dhaoine óga agus aosta agus daoine le cumas éagsúla. I measc na n-uirlísí a bhíonn á dteagasc tá an chláirseach, an fheadóg stáin, an fhidil, an fhliúit cheolchoirme, na píb uilleann, an bainseó agus an bosca ceoil. Bíonn ceardlann do scríbhneoirí ar siúl, chomh maith le cúrsaí sna healaíona súl.

Cláirseoirí ag Scoil Acla, Oileán AclaChun sonraí iomlána a fháil faoi sceideal reatha Scoil Acla, féach ar láithreán gréasáin Scoil Acla.

Dóibh siúd nach bhfuil ag glacadh páirte, mar shampla tuismitheoirí páistí atá ag glacadh páirte i Scoil Acla san áireamh, bíonn ceolchoirmeacha agus léiriúcháin phoiblí rialta ar siúl, mórléiriúchán ar an lá deireanach den scoil freisin. Tá ardmheas ar Scoil Acla, mar scoil samhradh traidisiúnta Gaelach, agus tugann sé léargas ar leith ar na healaíona agus cultúr traidisiúnta Gaelach do chuairteoirí.

Fadó in Acaill ní raibh hata ag gach duine, ach bhí hata ag an bpobal. Bhíodh an hata seo ar crochadh ar phosta i nGob an Choire agus cead ag duine ar bith a bhí ag dul go dtí an baile mór, an hata seo a chaitheamh agus é a fhágáil ar ais ar a mbealach abhaile. Tá muintir Acla tagtha chun cinn ó shin; agus tá an comórtas seo bunaithe ar an sean-nós.