English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Baile Tréigthe

Baile Tréigthe ag an Sliabh Mór, Oileán Acla


Teachín ag an mBaile Tréigthe, Oileán Acla, ÉireIs cuimhneachán taibhsiúil ar an seansaol é an Baile Tréigthe ag an Sliabh Mór.

Suite ag bun fána deisiúrach an tSléibhe Mhóir, tá fothracha de beagnach céad teachín cloiche traidisiúnta sa 'bhaile' seo. Tá siad ar gach aon taobh den chosán ársa, agus iad beagnach uile ar aon líne ag dul sa treo céanna thuaidh-theas, agus tá siad suite ar cheann de na háiteanna is mó foscaidh ar Oileán Acla. Téann an 'baile' - i ndáiríre níl ann ach trí ghrúpa ar leith de theachíní - ar feadh achar míle.

Ceaptar go raibh cónaí ar dhaoine ann ag tráthanna éagsúla sa stair, agus is féidir gur tógadh roinnt de na foirgnimh i mullach ar sheantithe. Trí staidéar, fiosrúcháin sheandálaíoch agus taighde stairiúil a dhéanamh ar na córais páirceanna thart timpeall ar an mBaile Tréigthe, tá sé aimsithe go dtéann an lonnaíocht siar go dtí an tréimhse Angla-Normannach (12ú hAois AD) ar a laghad. Léiríonn an tuama meigiliteach, a théann siar chomh fada leis an tríú nó ceathrú céad BC, in aice an bhaile go raibh cónaí ar dhaoine ann thart ar 5000 bliain ó shin.

Léiriú de theachín, An Baile Tréigthe, Oileán AclaIs ag tús an 20ú hAois an uair dheireanach a raibh cónaí ar dhaoine anseo agus ag an am sin d'úsáid muintir na háite na teachíní do 'bhuailteachas'. Nuair a bhí siad in úsáid mar thithe 'buaile' is le linn míonna an tsamhraidh a mbíodh cónaí ar dhaoine iontu, nuair a bhíodh na beithigh ar féarach ar thaobh na sléibhe, ach théadh na daoine ar ais chuig a gcuid tithe féin i bPollach agus Dumha Acha do mhíonna an gheimhridh. Ceaptar gurb é Acaill ceann de na háiteanna deireanacha san Eoraip a raibh an cineál seo lonnaíochta ann. Tá roinnt bailte buaile eile ar an oileán, ceann ag Bun na hAbhann (sa ghleann ag Trá na Coime) agus ceann eile ag An Eanach, ach is cinnte gurb é an ceann ar an Sliabh Mór an ceann is mó agus fearr atá caomhnaithe.

Bíonn Scoil Samhraidh Seandálaíochta bliantúil ar siúl sa Bhaile Tréigthe ar an Sliabh Mór agus táthar ag súil go dtabharfaidh an taighde seo léargas níos fearr ar stair an cheantair. Ach do thurasóirí chuig Acaill, tugann na teachíní cloiche tréigthe seo agus na goirt thart timpeall orthu - le hiomairí prátaí fós soiléir faoin bhféar - léargas iontach dóibh ar an saol san am atá caite.