Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Bóthar an Atlantaigh Bóthar an Atlantaigh in Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire
Lúb 2: Oileán Acla Ó dhroichead Micheal Davitt i nGob an Choire - an droichead a cheanglaíonn Oileán Acla le mórthír Chontae Mhaigh Eo - lean ort trí bhaile Ghob an Choire. Thart ar mhíle ón ndroichead tiocfaidh tú ar cheantar coillteach. Téigh ar chlé anseo, áit a bhfuil comhartha do 'Bhóthar an Atlantaigh' (chomh maith le roinnt comharthaí eile do lóistín áitiúil).
Tá plandaí ródaidéandróin iontacha le feiceáil ar thaobh an bhóthair ag tús an bhóthair seo ó lár mhí Bhealtaine go dtí mí an Mheithimh. Lean ort ar an mbóthar seo ar feadh 5km, trí bhailte Sraithíní agus an Doirín go dtí An Cloich Mhóir. Rachaidh tú díreach thar an séipéal agus reilig stairiúil i gCill Dhamhnait, agus ansin thar fhothracha túrtheach ón 16ú hAois. Beidh uiscí Ghob an Choire ar chlé agus ar an taobh eile den chainéal seo tá Leithinis an Chorráin, agus tá an spéirlíne clúdaithe ag binn Chnoc an Chorráin atá 524 méadar ar airde.
Ag an gCloich Mhóir tá casadh géar ar dheis sa bhóthar agus go tobann imíonn na teachíní ar thaobh an bhóthair as radharc mar a thugann uiscí ciúine Ghob an Choire áit do bhristeacha an Atlantaigh a bhuaileann in aghaidh cósta deisceartach Oileán Acla. Ar an bpíosa bóthair seo, ón gCloich Mhóir go dtí Dumha Éige, tá cuid den radharcra cósta is fearr atá le fáil in Éirinn.
Díreach amach os comhair An Cloich Mhóir, atá scartha amach ag cainéal caol uisce (an 'Béal an Ghunna Mhóir'), tá Acaill Bheag. Is dócha go raibh an t-oileán beag seo ceangailte le hAcaill uair amháin agus níl cónaí ar dhuine ar bith ann ó na 1960idí. Díreach taobh thiar d'Acaill Bheag tá píosa talún eile níos lú, píosa atá gearrtha amach ó Oileán Acla nuair a bhíonn an taoide ard, áit a bhfuil dún Dhún na Glaise (a chiallaíonn 'dún an uisce reatha'). Ar Acaill Bheag féin tá fothracha a bhaineann le trí dhún. Sna dúnta seo tá ceann tíre atá ag gobadh amach agus atá cosanta ar thaobh na talún de ag daingniúcháin. Táthar den tuairim gur leis an Iarnaois a bhaineann siad ach b'fhéidir gur úsáideadh arís iad i ndeireadh na tréimhse Meánaoisí. Tá ar a laghad dún suntasach amháin eile ar Bhóthar an Atlantaigh - Dún Bhun na Faiche - agus léiríonn suíomh na ndúnta seo an tábhacht straitéiseach a bhain le hAcaill maidir le trácht na farraige san am atá caite. De réir mar a théann tú ar aghaidh ar Bhóthar an Atlantaigh, le Cliara le feiceáil go soiléir ó dheas, tá nithe spéisiúla le feiceáil ar an mórthír ar thaobh na láimhe deise freisin. Tá iomairí agus claiseanna de sheanshaothrú barr 'trinseála' le feiceáil, cé bhfuil siad seo clúdaithe anois ag féar agus fraoch. Tráth amháin bhíodh prátaí agus gránbharra le fáil sna goirt seo do theaghlaigh ach is baile tréigthe atá anois ann.
Thart ar cheithre mhíle eile ar Bhóthar an Atlantaigh ón gCloich Mhóir tagann ardú géar ar an mbóthar (b'fhéidir go mbeadh ar rothaithe éirí den rothar agus siúl) agus tagann tú ar phointe féachana ag breathnú amach ar chuas creagach iontach Bhéal na hAisléime. Tá trá duirlinge sa chuan seo agus tá aillte creagacha géara ina timpeall - is sainchomhartha tíre aitheanta d'Acaill é seo agus tá sé le feiceáil san íomhá ag barr an leathanaigh seo.
Ón bpointe féachana os cionn Bhéal na hAisléime, lean an bóthar géar, casta síos i dtreo na trá agus suas arís go baile na hAisléime. As seo is féidir leat dul ar dheis agus ar ais i dtreo Sraithíní agus ansin chuig Gob an Choire, nó is féidir leat dul ar chlé agus leanúint ar aghaidh ar Bhóthar an Atlantaigh i dtreo Dumha Éige.
I nDumha Éige, an seanbhaile iascaireachta, tá ceann amháin den chúig trá le Brat Gorm atá le fáil in Acaill. Is cuid den Ghaeltacht é an chuid seo d'Acaill - ciallaíonn sé sin gur ceantar é ina labhraíonn daoine Gaeilge. Go dtí le deireanas ba í an Ghaeilge an phríomhtheanga sa cheantar seo. De réir mar a théann tú trí bhaile Dhumha Éige, téigh ar chlé áit a bhfuil comhartha a deir 'Ardaí Mhionnáin'. Tabharfaidh an bóthar seo tríd an lonnaíocht Misin sa Mhaoilinn thú, scaipeadh teachíní a fhaigheann foscadh ar fhánaí oirdheiscirt chnoc Mhaoilinn. Ardaíonn an cnoc seo agus ag Ardaí Mhionnáin agus tá sé ar an tríú bhinn is airde (466 méadar) in Acaill. Ar an mbóthar seo feicfidh tú casadh ar chlé agus tógfaidh sé seo go dtí bóthar géar sléibhe thú i dtreo mullach Mhionnáin. Má bhíonn sé de mhuinín agat - agus má tá do choscáin in ann chuige - lean an bóthar seo go bhfeicfidh tú na radharcra is suntasaí d'Oileán Acla (féach ar an íomha, ar dheis). Ag barr an bhóthair seo tá an crann tarchuradóireachta gar do mhullach Aillte Mhionnáin. Ón áit seo tá Trá Mhór iontach a théann ar feadh 3km agus an baile agus loch ar an gCaol le feiceáil agat, chomh maith le sléibhte Chruacháin agus An Sliabh Mór.
Tar anuas ón Mionnán ar an mbóthar sléibhe céanna arís, agus téigh ar chlé ar bhóthar Mhaoilinn i dtreo an Chaisil. As seo is féidir leat dul ar chlé i dtreo an Chaoil agus íochtar Acla, nó téigh ar dheis le filleadh ar Ghob an Choire, an áit ar thosaigh tú ar an lúb seo de Bhóthar an Atlantaigh.
|