English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Stair Acla (ar lean)


« Roimhe seo

Teachín ag Baile Tréigthe, Oileán Acla, ÉireFaoin 18ú hAois, bhí bochtaineacht forleathan agus bhí pobal na tuaithe ag brath ar an bpráta (nach raibh mórán obair i gceist leis) mar an phríomhbharr, mar gheall ar na Péindlíthe, a chur cosc ar Chaitlicigh a bheith páirteach sa chuid is mó den saol poiblí agus ó thalamh dá gcuid féin a bheith acu. Mar thoradh ar na coinníollacha dochta seo cruthaíodh spiorad éirí amach i 1798 agus bhí Éirí Amach ann faoi stiúir Wolfe Tone. I rith na bliana sin thuirling 1,100 saighdiúir Francach i dtuaisceart Mhaigh Eo chun troid lena dtacaíocht a léiriú leis na héiritheacha. D'éirigh leo seilbh a ghlacadh ar líon áirithe de bhailte agus sráidbhailte Mhaigh Eo, Baile Uí Fhiacháin agus Caisleán an Bharraigh san áireamh. Chonacthas sagart, An tAthair Manus Sweeney, a raibh ceangal aige le hAcaill, ag labhairt le hoifigeach Francach (fuair Sweeney a chuid oideachais i bPáras) agus tar éis an éirí amach a chur chun deiridh, daoradh chun príosún é mar go raibh sé ag comhoibriú leis an namhaid. D'éalaigh sé ó choimeád agus chuaigh sé chomh fada le hAcaill, ach tar éis dul ar a thóir gabhadh é agus ar deireadh crochadh é ar an bpríomhshráid i mBaile Uí Fhiacháin. Tá leac chuimhneacháin don Athair Sweeney le fáil in aice le Dumha Cinn Aille ar An Trá Mhór in Acaill.

I 1831 tháinig Misean Protastúnach chomh fada le hAcaill. Bhí tionchair ollmhóra le bheith ag an tionscadal nuálaíoch seo ar fhorbairt Acla. Ministir óg Sasanach, an tOirmhinneach Edward Nangle a bhí i gceannas ar an misean, agus ba é Misean Acla an chéad mhisean a bunaíodh i measc na nÉireannach a bhí ag úsáid na Gaeilge. Is i nDumha Goirt a bhí An Misean, nó An Choilíneacht agus é mar aidhm an pobal áitiúil a iompú ina bProtastúnaigh. Le 50 bliain ina dhiaidh sin bhunaigh an Choilíneacht scoileanna, ospidéal beag, dílleachtlann, teachíní agus óstán (Óstán an tSléibhe Mhóir anois). Shaothraigh siad páirceanna ag baint úsáide as na modhanna talmhaíochta is déanaí. I rith an Ghorta Mhóir (1847-51) chuir siad anraith ar fáil do na daoine áitiúla a bhí ag fáil bháis leis an ocras - agus bhí ar na daoine sin a gcúl a iompú ar an gCaitliceachas. Thug an bhagairt a bhí ann ón gCoilíneacht uigeach d'Ard-Easpag (Caitliceach) Thuama, An Dr John McHale, institiúid iomaíoch a bhunú in Acaill. D'fhág sé talamh ar leataobh i mBun an Churraigh chun mainistir a thógáil agus bhunaigh sé scoileanna do pháistí áitiúla. Ba sna 1880idí a dhún An Choilíneacht ar deireadh thiar thall, tar éis dó tionchar dáiríre a imirt ar éabhlóid Acla agus tús a chur leis an gcéad phas de thurasóireacht ar an oileán.

Sna deich mbliana deireanacha den 19ú hAois tharla eachtra in Acaill a tharraing cáil ar an oileán as ucht drochghníomh a dhéanamh. Bhí fear áitiúil, James Lynchehaun, páirteach in ionsaí foréigneach ar úinéir talún agus rinne an cás a tharla ina dhiaidh sin stair ó thaobh an dlí. Bantiarna talún, Agnes McDonnell, a d'fhostaigh Lynchehaun ar an eastát a bhí aici ag Teach Thóin an tSeanbhaile, i dTóin an tSeanbhaile. Thit sé amach lena fhostóir, agus oíche amháin sa bhliain 1894 fuarthas buailte go dona í agus bhí a teach trí thine. Gabhadh Lynchehaun ach d'éalaigh sé ó choimeád faoi dhó. Ar an gcéad ócáid dúradh go raibh sé i bhfolach in Acaill agus chuaigh na húdaráis Bhriotanacha ar a thóir agus iad an-dáiríre faoi. Gabhadh é arís nuair a deirtear gur buidéal fuisce an chúis a bhí lena fealladh, ach arís d'éalaigh sé ó choimeád agus chuaigh sé i dtreo na Stát Aontaithe. Ba ansin a rinne sé stair ó thaobh an dlí de nuair a d'éirigh lena argóint, nár chóir go ndéanfaidh é a eiseachadadh chun trialach do rud a d'éiligh sé a bhí ina choir pholaitiúil. Cé gur tháinig Agnes McDonnell slán i ndiaidh an ionsaithe bhí drochbhail uirthi don chuid eile dá saol. Brú agus beár atá i dTeach Thóin an tSeanbhaile anois.

Sa bhliain 1887 ag Gob an Choire, a tógadh an chéad dhroichead chun Oileán Acla a cheangal le Co. Mhaigh Eo. Ainmníodh an droichead in ómós do Michael Davitt, an fear a bhunaigh Conradh na Talún in Éirinn. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, i 1894, leathnaíodh líne iarnróid Chathair na Mart - Baile Uí Fhiacháin chomh fada le Gob an Choire. Mar thoradh ar na forbairtí sin bhí Acaill níos inrochtana, cé go raibh tragóid i gceist leis an dul chun cinn seo freisin. Bhí coirp na n-íospartach ó thragóid bhá Chuan Mó ar an gcéad turas ar an líne iarnróid go hAcaill. Bhí bád a raibh daoine óga ó Acaill air ag dul chomh fada le bád i gCathair na Mart, tar éis tiontú i gCuan Mó agus bádh 32 duine. Bhí siad ar a mbealach go hAlbain le bheith ag obair don samhradh ag piocadh prátaí. Bhíodh na daoine óga ar fad ó Acaill ag dul go hAlbain go deireanach sa 19ú hAois agus ag tús an 20ú hAois ag piocadh prátaí nó 'tatie hoking' mar a thugtar air san Albain. Sa bhliain 1937 bhuail tubaiste eile Acaill nuair a fuair deichniúr daoine óga bás i dtine i scioból i Kirkintilloch, san Albain. Bhí siad i ndiaidh a bheith ag piocadh prátaí. Iompraíodh a gcoirp ar an líne iarnróid idir Cathair na Mart agus Gob an Choire, an turas deireanach a rinneadh ar an gcuid seo den iarnród choíche.